Le chéile, ghlacamar chugainn féin freagracht as feasacht a mhúscailt roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh 2024. Baineann ár dtiomantas le raon éagsúil gníomhaíochtaí a chomhordú arb é is aidhm dóibh tuiscint níos doimhne ar an bpolaitíocht a chothú agus béim a leagan ar thábhacht bhallraíocht an Aontais i measc daoine óga.
Creidimid gurb é an rud is tábhachtaí chun líon na vótálaithe a mhéadú i measc aos óg Mhálta ná a chur ar a gcumas an tionchar atá acu mar shaoránaigh Eorpacha a aithint agus tuiscint shoiléir a thabhairt dóibh ar thábhacht na vótála agus ar na hiarrthóirí a bhfuil siad ag vótáil dóibh.
Tá sraith imeachtaí á bpleanáil ag ár gComhairle chun daoine óga a chur ar an eolas faoi ábhair éagsúla a bhaineann leis an Aontas. Cuimseofar sna cruinnithe sin díospóireachtaí tarraingteacha ina bpléifear bunbhrí na féiniúlachta Eorpaí. Breathnóimid freisin ar an gcaoi a seasann féiniúlacht Mhálta lenár bhféiniúlacht mar oileánaigh sa Mheánmhuir agus déanfaimid measúnú ar an ngá atá ann go bhfreastalódh an tAontas ar ár saintréithe ar leith.I dteannta a chéile, tá na hiarrachtaí sin dírithe ar ár n-aos óg a chumhachtú agus eolas a thabhairt daoibh mar gheall ar shaincheisteanna ábhartha agus deiseanna atá ar fáil laistigh den chomhthéacs Eorpach.